Is polaiteoir de chuid Independent Ireland agus Teachta Dála é Michael Collins. Bhí Collins ar bharr an liosta in 2020 i gCorcaigh Thiar Theas agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh le 11,712 vóta. Cúlra Fhianna Fáil atá ag Collins agus ní haon iontas mar sin go bhfuair iarrthóirí Fhianna Fáil a dhá oiread níos mó ó aistriú a fharasbairr in 2020 ná iarrthóirí Fhine Gael. D'éirigh Collins ina cheannaire agus ina bhunaitheoir ar an ghrúpa Independent Ireland in 2023.