Toghadh Michael McGrath chun na Dála den chéad uair in 2007 agus atoghadh in éineacht le Micheál Martin é i gCorcaigh Theas-Lár i ngach olltoghchán ó shin.[1]
Ceapadh Michael McGrath ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nuair a bunaíodh an comhrialtas in 2020. In 2022 ceapadh ina aire airgeadais é nuair a rinne sé féin agus Paschal Donohoe Fhine Gael a bpoist a mhalartú de réir mar a bhí socraithe sa mhargadh rialtais.
Ar an 25 Meitheamh 2024, chuir an Tánaiste Micheál Martin a mholadh go n-ainmneofaí Michael McGrath don phost san Eoraip, a bhfuil tuarastal €300,000 (saor ó cháin) in aghaidh na bliana ag dul leis,[1] faoi bhráid an rialtais ar maidin. Ag an aire airgeadais atá an aireacht is sinsearaí sa Rialtas agus bhí Fianna Fáil ag súil dá bharr go bhfaigheadh McGrath post airgeadais ar an gCoimisiúin, postanna a mbíonn an-tóir orthu i measc na mballstát.
Bhí McGrath ar an gcéad pholaiteoir de chuid Fhianna Fáil a bhí ina Choimisinéir Eorpach ó d’éirigh Máire Geoghegan-Quinn as an gcoimisiún in 2014.[1] Ceapadh é mar An Coimisinéir um Dhaonlathas, Cheartas agus Riail an Dlí ar an 17 Deireadh Fómhair 2024. Tháinig sé i gcomharbas ar Mhairéad McGuinness. D'iarr Rialtas na hÉireann post eacnamaíochta ar son McGrath, go háirithe ó bhí sé ina Aire Airgeadais.[2] Ag an am céanna, ní raibh Ursula von der Leyen sásta nach raibh McGuinness curtha chun tosaigh don phost.
Muintir
Sna toghcháin áitiúla 2024, ba é Seamus McGrath, deartháir Michael McGrath, a fuair an líon is mó vótaí céadrogha sa stát.[1]