Bhí Shatter ina aire rialtais le Fine Gael nó gur cuireadh iachall air éirí as. Tá nimh sa bhfeoil ag Shatter do Fhine Gael ó shin. Bhí sé mar iomaitheoir neamhspleách do dháilcheantar Baile Átha Cliath Ráth an Dúin san Olltoghchán 2024.[1]
Saol
Rugadh Shatter i mBaile Átha Cliath do theaghlach Giúdach. Oileadh é san High School i Ráth Garbh agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí cónaí air i gcónaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá sé pósta le Carol agus tá beirt chlainne acu.
Polaitíocht
Toghadh Shatter don Dáil don chéad uair in olltoghchán 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán ina dhiaidh sin go dtí gur chaill sé a shuíochán in olltoghchán 2002. Ba bhall de Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath é ó 1991 go 1999 do cheantar Ráth Fearnáin.
I rith na 1980í, mhol Shatter go mbunófaí Coiste Gnóthaí Eachtracha san Oireachtas. Ba bhall den choiste é ó bunaíodh é (ach amháin ar feadh tréimhse ghearr ó 1993 go 1994) agus ba Cathaoirleach an Choiste é ó Nollag 1996 go Meitheamh 1996.
Caith ceannaire Fhine Gael, Seán de Briotún, amach ón gcoiste é ar feadh tréimhse ó 1993 go 1994 mar vótáil Shatter i bhfabhar cosc a chur ar chúrsáil giorriacha d'ainneoin an cheangail aoireachta. Bhí Shatter ina Uachtarán ar Ghaelchomhairle in Aghaidh Fuilspórt ar feadh tamaill.
D'oibrigh sé mar aturnae tar éis dó a shuíochán a chailliúint sa bhliain 2002 agus ba chomhpháirtí é sa chomhpháirtíocht Gallagher Shatter.
Atoghadh é in olltoghchán 2007 agus arís sa bhliain 2011.
Fuair Shatter oiliúint sa dlí agus chuir sé a lán reachtaíochta chun cinn nuair a bhí sé sa Dáil. D'fhoilsigh Shatter, dar le Shatter féin,[2] níos mó Billí Comhalta Phríobháidigh agus é sa freasúra ná aon TD riamh. Rinne cuid de na billí athraithe i gcúrsaí sláinte, spóirt agus cirt. Uaireanta, rinne an rialtas leasúcháin ar a bhillí agus ghlac siad úinéireacht orthu.
Ba urlabhraí é ar bhinse tosaigh Fhine Gael ar roinnt ábhar:
Athchóiriú Dlí (1982, 1987-1988)
Comhshaol (1989-1991)
Saothar (1991)
Ceart (1992-1993)
Comhionannas agus Athchóiriú Dlí (1993-1994)
Sláinte agus Leanaí (1997-2000)
Dlí agus Ceart, Athchóiriú Dlí agus Cosaint (2000-2002)
Leanaí (2007-2010)
Dlí agus Ceart agus Athchóiriú Dlí (2010-2011)
2014: Scannal agus éirí as
Ceapadh Shatter mar Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Aire Cosanta ar 9 Márta2011. D’éirigh Alan Shatter as a phost in 2014. Glacadh leis go forleathan in 2014 gurbh amhlaidh go raibh an Taoiseach Enda Kenny ar tí é a bhriseadh as a phost, ainneoin an ghnáthráitis bhuíochais a d’eisigh Kenny nuair a d’fhógair Shatter féin go raibh sé ag imeacht. Dhá mhí sular fhág Shatter an rialtas, d’éirigh Coimisinéir na nGardaí Martin Callinan as a phost. Ní dhearna Callinan ná an rialtas cur síos ar bith ar an bhfáth gur éirigh seisean as phost ach oiread. Ní raibh míniú sásúil ar eachtraí na bliana sin ná ar an ngéarchéim sa Gharda Síochána sa leabhar fada cáinteach atá scríofa ag Shatter, Frenzy and Betrayal – The Anatomy of a Political Assassination.[2][3]
2024
Sheas Shatter mar iarrthóir neamhspleách san Olltoghchán 2024. Bhí sé san iomaíocht ag iarraidh go gcuirfí deireadh le cáin oidhreachta, éileamh a bhí an-tarraingteach sa dáilcheantar Ráth an Dúin, saibhir.[4]