Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála don Mhí Thoir (Dáilcheantar) í Helen McEntee nó Eiléana Nic an tSaoi (a rugadh ar an 8 Meitheamh 1986).[1] Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh McEntee ina Aire Oideachais agus Óige i Rialtas an 34ú Dáil.[2]
Gairm
Tá céim ag McEntee san Eacnamaíocht, Polaitíocht agus Dlí ó DCU.
Toghadh McEntee go Dáil Éireann den chéad uair i bhfothoghchán i Márta 2013. Iníon í leis an iarTheachta DálaShane McEntee agus tháinig sí i gcomharbacht air tar éis gur chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 2012.[1]
Bhí sí ina ball den Choiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid agus den Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus an Ghaeltacht freisin.
Cheap an Taoiseach Enda Kenny í ina hAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta sa Roinn Sláinte i mBealtaine 2016 mar chuid den Rialtas Comhpháirtíochta.
I Meitheamh 2017, mar chuid d’atheagar rialtais leis an Taoiseach nuacheaptha, Leo Varadkar T.D., tugadh ardú céime don Aire Nic an tSaoi chuig post an Aire Stáit le freagracht as Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.[1]
Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh McEntee ina Aire Oideachais agus Óige i Rialtas an 34ú Dáil.[2]
Beartais
I mí Lúnasa 2024, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur den riachtanas comhlachtaí meán sóisialta gan neamhshuim a dhéanamh de bhagairtí a dhéantar ar dhaoine ar líne agus gur chóir dóibh a leithéidí a bhaint anuas a thúisce is féidir.[3] Thug sí le fios nach bhféadfaí brath a thuilleadh ar chomhlachtaí meán sóisialta le hiad féin a rialáil agus dúirt go raibh Éire ar cheann den bheagán tíortha a bhfuil Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne acu. Ba cheart pionós dian a ghearradh ar na comhlachtaí sin, arsa sí, mura rachaidh siad i ngleic le hábhar urchóideach agus mídhleathach.[4]