Is polaiteoir agus ball den pháirtí Fianna Fáil é Éamon Ó Cuív (a rugadh ar an 23 Meitheamh1950). Bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002 go 2010. Bhí Ó Cuív ar dhuine de na polaiteoirí is mó a bhí luaite le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bhunú an Stáit.[1]
Muintir
Garmhac le hÉamon de Valera atá ann chomh maith le bheith ina mhac leis an scoláire cáiliúil Gaeilge, Brian Ó Cuív. Bhí a uncail Vivion de Valera ina Theachta Dála idir 1945 agus 1981 agus a cholceathar Síle de Valera ina Teachta idir 1977 agus 2007.[2]
Bhí Ó Cuív ina Sheanadóir ó 1989 go 1992 agus ina Theachta Dála ó 1992 go dtí 2024. Bhí ocht mbliana caite i dTithe an Oireachtais aige faoin am gur ceapadh in Aire Stáit Gaeltachta é in 2002.
Aire Gaeltachta
Bhí Ó Cuív ina Aire Gaeltachta tráth go raibh an tír go maith as agus chinntigh sé go ndearnadh cuid mhaith infheistíochta in infreastruchtúr na Gaeltachta.
Ba é a chuir cearta teanga i ndlí na hÉireann leis an Acht Teanga agus le bunú oifig an Choimisinéara Teanga agus ba é is mó b’údar leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. "Níor éirigh le gach gné den reachtaíocht teanga agus níl aon amhras ach nár éirigh le go leor den Straitéis ach d’fhéadfá cás a dhéanamh gur bhain cuid mhór de sin leis an teip iad a chur i bhfeidhm mar ba chóir.”[3]
Airí eile
Bhí Ó Cuív ina Aire Coimirce Sóisialaí ó 2010 go dtí 2011 agus ina leascheannaire ar Fhianna Fáil idir 2011-2012.
Le linn a thréimhsí sa Rialtas dhírigh sé ar chúnamh a thabhairt do phobal na tuaithe, do mhuintir na n-oileán, do lucht na hiascaireachta agus feirmeoirí beaga agus do mhuintir Thuaisceart Éireann ar an dá thaobh den deighilt pholaitiúil.
Ba é a shaothar ar mhaithe le príosúnaigh ba mhó a tharraing aird. Bhíodh sé go rialta ó Thuaidh ar cuairt ar chimí agus ag casadh le ionadaithe pobail agus lucht deonach ag iarraidh an tsíocháin agus an t-athmhuintearas a chothú.[4] Beag beann ar a fhreasúra don bhforéigean thug sé cluas le héisteacht do ghearáin ó phríosúnaigh pharaimíleatacha le blianta agus rinne sé feachtasaíocht ar son a gcearta.[5]
Éirí as
Ar an Iúil 26 2024, d’fhógair Ó Cuív go raibh sé ag éirí as an pholaitíocht. Dúirt sé nach raibh an ceathrú glúin de shliocht a sheanathair, bunaitheoir an pháirtí, Eamon de Valera ag dul san iomaíocht ar son an pháirtí.[2]
Deireadh ré don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí i nDáil Éireann ar an 7 Samhain 2024 nuair a rinne Ó Cuív a phíosa deireanach cainte roimh éirí as dó.[6]