Is toghcheantar parlaiminte suite i bPoblacht na hÉireann é Corcaigh Thiar Theas. Is Dáilcheantar 3 suíochán é seo.
Olltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Michael Collins (Independent Ireland), Jim Daly (FG), agus Margaret Murphy O'Mahony (FF).
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála, Holly Cairns (Na Daonlathaithe Sóisialta), Christopher O'Sullivan (Fianna Fáil) agus Michael Collins (Independent Ireland). Bhí Collins ar bharr an liosta in 2020 agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh le 11,712 vóta. Cúlra Fhianna Fáil atá ag Collins agus ní haon iontas mar sin go bhfuair iarrthóirí Fhianna Fáil a dhá oiread níos mó ó aistriú a fharasbairr in 2020 ná iarrthóirí Fhine Gael. D'éirigh Collins ina cheannaire agus ina bhunaitheoir ar an ghrúpa Independent Ireland in 2023.
San Olltoghchán 2020, fuair Cairns 11% den vóta i gCorcaigh Thiar Theas, beagáinín os cionn leath den chuóta.[1] Bhí Paul Hayes, Sinn Féin, chun cinn uirthi le 11% chomh maith, agus ba iad na vótaí aistrithe a thug an suíochán di Fine Gael a chaill an suíochán a fuair Holly Cairns (DS) in 2020, nuair a aistríodh 3,000 vóta ó Shinn Féin chuig Cairns (DS) agus nach bhfuair FG ach 393 díobh.[2]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí an triúr Teachtaí Dála a toghadh in 2020 i measc an cheathrar déag (14) iarrthóirí atá ar an bpáipéar ballóide: Michael Collins, Christopher O’Sullivan (FF) agus Holly Cairns (DS).[2]
Beidh siad ag tnúth leis an gcúnamh céanna an babhta seo.
Fine Gael a chaill an suíochán a fuair Holly Cairns (DS) in 2020, nuair a aistríodh 3,000 vóta ó Shinn Féin chuig Cairns (DS) agus nach bhfuair Tim Lombard (FG) ach 393 díobh.
Sa deireadh thiar thall, atoghadh in 2024 Holly Cairns (Na Daonlathaithe Sóisialta), Christopher O'Sullivan (Fianna Fáil) agus Michael Collins (Independent Ireland).