Ba í Máire Pádraigín Mhic Giolla Íosa nó Mary McAleese (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ina ochtú hUachtarán ar Éirinn ó 1997 go 2011.[1]
Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in Ard Eoin i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh, 1951, an duine is sine de naonúr clainne: ba í an chéad uachtarán a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann. Is Caitliceach í. Bhí na Trioblóidí faoi lán seoil agus í ag fás aníos, agus chuir dílseoirí iachall ar mhuintir Uí Lionnacháin ceantar Ard Eoin a fhágáil.
Bhain Máire céim le dlí amach ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste sa bhliain 1973 agus glaodh chun Barra Thuaisceart Éireann í sa bhliain 1974. Sa bhliain 1975, ceapadh í mar Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1976 phós sí an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa, cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh sa bhliain 1982 agus cúpla, Justin agus SaraMai, a rugadh sa bhliain 1985.
D'fhill sí ar Ollscoil na Ríona sa bhliain 1987 nuair a ceapadh í mar Stiúrthóir ar Institiúid an Léinn Dlí Ghairmiúil. Bhí sí ina hiarrthóir d'Fhianna Fáil in olltoghchán 1987, ach níor toghadh í. Sa bhliain 1994, ceapadh í mar an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná riamh ar Ollscoil na Ríona Béal Feirste.
D'oibrigh sí mar iriseoir cúrsaí reatha agus mar láithreoir raidió agus teilifíse le Radio Teilifís Éireann.
Sa bhliain 1997 bhuail Máire Mhic Giolla Íosa iar-Thaoiseach Ailbhe Mac Raghnaill agus roghnaíodh mar iarrthóir Fhianna Fáil don Uachtaránacht í. Toghadh í mar uachtarán sa bhliain 1997. Ar 11 Samhain insealbhaíodh Máire Mhic Giolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Tháinig sí i gcomharbas ar Mháire Mhic Roibín. "Droichid a thógáil" an téama a bhain lena huachtaránacht dar léi.
Átoghadh Máire Mhic Giolla Íosa ar an 1 Deireadh Fómhair 2004: ba í an t-aon iarrthóir a bhí ainmnithe go bailí.