Fuair sé céimeanna onóracha san eolaíocht agus sa leigheas. Chuaigh sé go Quebec, áit ar dhein sé cúrsa iarchéime. Bhí an Fhraincis go flúirseach aige.[5]
D'fhill sé ar ais go hÉirinn. Nuair a bhí sé ag obair in ospidéal i mBaile Átha Cliath, bhuail sé le dochtúir óg eile, a chéile ionúin Maedhb.
Fianna Fáil
Thuig Éamonn De Valera go raibh cumas i bPádraig agus d'iarr sé air seasamh leis san Olltoghchán sa bhliain 1951.[5] Toghadh iad mar Theachtaí Dála do dháilcheantar an Chláir. Bhí Pádraig ag obair mar dhochtúir ag an am.
Nuair a bhí Seán Lemass ina Thaoiseach, ceapadh Ó hIrighile ina Aire Oideachais i 1959. Ba cheannródaí é.[5] Chuir sé tús le scrúdú cainte san Ard-Teistiméireacht mar shampla. Thug sé an cló rómhánach isteach, a mhaíodh Brian Cowen[5]
Mhol sé airgead a chaitheamh ar oideachas. "Bhunaigh sé na scoileanna cuimsitheacha agus na coláistí réigiúnacha" a mhaíodh Brian Cowen[5] nó leag sé na bunchlocha b'fhéidir.
Chuir sé tús freisin leis na duaiseanna Gaisce, a thugann aitheantas gach bliain do ghníomhartha gaisce na ngnáth-dhaoine.
Comhairlíodh don Uachtarán Pádraig Ó hIrighile gan glacadh le cuireadh chun pictiúir de chuid ealaíontóirí as Toraigh a bhreithniú sa bhliain 1984.[7]
Bás
Fuair sé bás tar éis tréimhse gearr tinnis sa bhliain 2008 in Ospís Naomh Proinsias, Ráth Eanaigh.[8] Cuireadh Pádraig Ó hIrighile i Reilig Naomh Fionntain i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.[9]