Saolaíodh é i gCathair Luimnigh sa bhliain 1921, díreach nuair a fógraíodh sos-chomhraic le linn Chogadh Saoirse na hÉireann. Ba dhlíodóirí iad a mhuintir ach ní raibh spéis ar leith ag éinne díobh i bpolaitíocht náisiúnach na linne.
D’fhill Ó Máille ar Luimneach, ag obair mar innealtóir ann agus toghadh mar chomhairleoir cathrach é. D’fhreastail sé bliain amháin mar mhéara na cathrach, an tríú deartháir as an gclann céanna a tháinig san oifig sin, sular toghadh mar Theachta Dála é i ndáilcheantar Luimneach Thoir sa bhliain 1954 i gcomharba Domhnaill de Búrca a bhí tar éis éirí as Dáil Éireann.
Ba chúl-bhinseoir an fhreasúra ar dtús é, cul-bhinseoir rialtais i ndiaidh a ath-thoghacháin i 1957 agus fuair sé a chéad phost Stáit nuair a cheapadh mar Rúnaí Parlaiminte an Aire Airgeadais Shéamuis Uí Riain é sa bhliain 1961.
Aire Rialtais
Ghnóthaigh Ó Máille vóta ábhal-mór in olltoghchán 1965 agus, ós rud é go raibh glún nua ag teacht i réim i bhFianna Fáil ag an am ná raibh baint díreach acu le Cogadh na Saoirse, cheap an TaoiseachSeán Lemass mar Aire Sláinte é sa rialtas nua. Bhunaigh sé an Irish National Councilon Alcoholism (INCA)[1].
Nuair a lean Seán Ó Loinsigh Lemass mar Thaoiseach sa bhliain dár gcionn, aistríodh Ó Máille go dtí an Roinn Oideachais.
bhunaigh sé freisin na scoileanna cuimsithigh sa dara leibhéal
thosaigh sé an córas iompar scoile, le seirbhís bus do na daltaí faoin tuath saor in aisce.
Ba réabhlóid bun go barr é i gcóras oideachais na hÉireann. Tháinig na hathruithe i bhfeidhm d’ainneoin naimhdeas na Roinne Airgeadais agus dílsithe an sean-chórais. Mar sin bhí gnaoi na ndaoine ar Ó Máille.
↑Abuse of power and the gardaí is nothing new to boozy politicians 25 M.F. 2010 http://www.irishexaminer.com/viewpoints/columnists/ryle-dwyer/abuse-of-power-and-the-gardai-is-nothing-new-to-boozy-politicians-131768.html