Trumpadóir agus amhránaí snagcheoil Meiriceánach ó New Orleans, Louisiana ab ea Louis Armstrong (4 Lúnasa, 1901 – 6 Iúil, 1971; Satchmo nó Pops, mar a thugtaí air).
D'imir Armstrong tionchar mór ar fhorbairt an tsnagcheoil, agus chuir sé béim as an nua ar an taispeántas aonair in áit cumadóireacht ar an láthair mar bhall de ghrúpa.