Is Dáilcheantar 3 suíochán é An Mhí Thiar. Tá Gaeltacht Ráth Chairn sa dáilcheantar seo.
In 2016, toghadh mar TD Shane Cassells (FF), Peadar Tóibín (SF ag an am) agus Damien English (FG).
In Olltoghchán 2020, toghadh Johnny Guirke (Sinn Féin)., Peadar Tóibín (Aontú) agus Damien English (FG).
2024
In Olltoghchán 2024 d'éirigh Damien English (FG) as an bpolaitíocht agus bhí cuid den sean-Dáilcheantar aistrithe isteach i Longfort-an Iarmhí. Bhí deichniúr iarrthóirí le seasamh sa Dáilcheantar, beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 ina measc, Peadar Tóibín agus Johnny Guirke. Bhí tacaíocht láidir phearsanta ag Tóibín agus a ainm in airde mar dhuine den bheagán polaiteoirí nár thacaigh leis na leasuithe bunreachta in 2024.[1]
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Aisling Dempsey (FF) agus atoghadh Johnny Guirke (Sinn Féin) agus Peadar Tóibín (Aontú)