Innealtóir leictreonach a rugadh i mBrooklyn, Nua-Eabhrac ab ea Allen Balcom DuMont (29 Eanáir 1901 – 14 Samhain 1965). I 1931 shaothraigh sé an feadán ga-chatóideach, a d'úsáidfí i luascóip gha-chatóideacha is teilifíseáin. Cheap sé an tsúil draíochta freisin, a d'úsáidtí le fada mar tháscaire chun raidió a thiúnadh. Shíothlaigh sé in Montclair, New Jersey.[1]