Is scríbhneoir agus innealtóir as an Íoslainn é Viktor Arnar Ingólfsson. Rugadh é ar 12 Aibreán 1955 in Akureyri cé go bhfuil sé ina chónaí i Réicivíc anois.[1] Bhain Ingólfsson céim amach san innealtóireacht shibhialta in Ollscoil Réicivíc sa bhliain 1983, agus tá sé anois ag obair in Údarás um Bóithre Náisiúnta na hÍoslainne (Íoslainnis: Vegagerðin), áit a bhfuil sé freagrach as na foilseacháin. Ainmníodh é don Glerlykillinn (An Eochair Ghloine) faoi dhó, duais Lochlannach a bhronnann Skandinaviska Kriminalselskapet (Cumann Lochlannach na gCoirscéalaithe) le haghaidh scéalta bleachtaireachta. Tá leabhair dá chuid aistrithe go Seicis, Ollainnis, Béarla agus Gearmáinis.