Aisteoir, amhránaí agus láithreoir ó Québec is ea Véronique Béliveau (rugadh 14 Eanáir 1955).
Thaifead sí a céad cheirnín in aois a sé bliana déag faoin ainm Véronique agus chuaigh ar camchuairt den chéad uair in aois a hocht mbliana déag. Sna 1970í rinne sí staidéar ar an amhránaíocht, thaibhrigh ar an teilifís mar amhránaí agus i roinnt scannán agus chuir ceirníní amach. Ar cheann acu sin bhí “Aimer” (1980), a céad amhrán mór-ratha, le cloisteáil. An bhliain chéanna ceapadh í mar ghuth Radio-Québec, rud a chuir lena hiomrá. Tháinig éileamh ar a cuid amhrán ar feadh na n-ochtóidí agus thaibhrigh sí sa Fhrainc. I 1985 bhí sí páirteach i dtionscadal dar theideal “Les yeux de la faim” (Súile an Ghorta) ar son an Fondation Québec-Afrique.
D’eisigh sí roinnt ceirníní i mBéarla freisin agus bhí ar an mbeagán amhránaithe de chuid Québec a raibh cáil orthu i gCeanada an Bhéarla sna 1980í.
D’éirigh sí as an amhránaíocht i 1990 agus chuaigh ag obair mar láithreoir raidió. Chuaigh sí ar scor i 2000.
D’eisigh sí roinnt mhaith dioscaí singile freisin.