Traenálaí agus iarimreoir sacair gairmiúil is ea Steve Staunton (rugadh 19 Eanáir, 1969 i nDroichead Átha, Éire), a d'imir le Liverpool agus Aston Villa i Sasana agus a d'imir dá thír. Scaoileadh é óna phost mar imreoir/traenálaí cúnta leis an bhfoireann Sasanach Walsall ar 12 Eanáir 2006, agus an lá ina dhiaidh sin fógraíodh é ina chomharba ar Brian Kerr mar thraenálaí ar fhoireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann.
Níor mhair sé sa phost ach dhá bhliain. Tar éis droch-thorthaí i gcomórtas cáilíucháin do Chraobh na hEorpa, cuireadh chun bóthair é ar an 23 Deireadh Fómhair, 2007.[1] D'oibrigh sé mar bhainisteoir d'fhoireann Darlington sna blianta 2009-2010.
Ina imreoir
Shínigh Kenny Dalglish é do Liverpool ó Dundalk i 1988. D'imir sé le foireann Jack Charlton sa Chorn Domhanda san Iodáil sa bhliain 1990. D'imir sé sa Chorn Domhanda freisin sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1994 agus sa Chóiré Theas/an tSeapáin sa bhliain 2002. D'imir sé le Aston Villa.
Foinsí