D’fhág a chuid ceoil ach a rian go láidir ar an náisiún Gaelach. Is dóigh gurb é an duine ba mhó a raibh tionchar aige ar athnuachan an cheoil thraidisiúnta in Éirinn sna 1960idí. D’athraigh a chuid oibre an meon a bhí i leith an cheoil thraidisiúnta in Éirinn ag an am. Rinne sé é sin trína rannpháirtíocht i gCeoltóirí Chualann, trína shaothar ceoil, a chuid scríbhinní agus a chuid craolachán ar an ábhar. Ní amháin ceoltóir ab ea Seán Ó Riada, ach freisin treoraí ar bhanna ceoil, ealaíontóir, scoláire, scannánóir agus Gaeilgeoir.
Sa bhliain chéanna deineadh stiúrthóir cúnta de i Raidió Éireann. Phós sé Ruth Coughlan i 1953. Sna tráthnónta bhíodh sé ag seinm le bannaí rince. I 1955 d’éirigh an Riadach as a phost gradamúil, agus chaith sé seal beag sa Fhrainc[4]. Agus é i mbun staidéir faoi Aloys Fleischman chum sé ceol avant-garde.
Chaith Seán cúig bliana ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ceoil in Amharclann na Mainistreach. Taca an ama sin, i ndiaidh dó mórán machnaimh a dhéanamh ar an ábhar, d’athraigh sé a ainm ó John Reidy go Seán Ó Riada[5].
Le linn na bliana ina dhiaidh sin, chum an Riadach iliomad píosaí ceoil don cheolfhoireann dar teideal “Nomos”. Fágadh an tríú ceann gan a bheith críochnaithe agus thóg cuid de na cinn eile blianta le cur i gcrích.
Mise Éire
Mar chumadóir clasaiceach ba é cumas an Riadaigh ceol a chumadh don amharclann agus don scannán. I 1959, scríobh sé an scór le haghaidh scannán faisnéise a bhí á chur le chéile ag George Morrison dar teideal “Mise Éire”. Tá cur síos sa scannán ar Éirí Amach na Cásca 1916.
Baineadh leas as an scór i go leor scannán eile agus tá sé le fáil i bhfoirm dlúthdhiosca faoi mar atá ceol scannán eile, “Saoirse” (1960) agus “An Tine Bheo”. Ó Riada féin a bhí ina stiúrthóir ar thaifeadadh cheol na scannán úd. Sna saothair seo, déantar foinn thraidisiúnta Ghaelacha agus amhráin ar an sean-nós a chomhcheangal le cóiriú ceolfhoirneach. Bhí a leithéid sin déanta cheana féin ag Ralph Vaughan Williams le ceol traidisiúnta Shasana. Ach sna 1950í ba bheag meas a bhí ag daoine ar an gCeol traidisiúnta na hÉireann. Rinne an Riadach a chéad iarracht ar amhrán Gaelach a chomhcheangal le ceol clasaiceach i 1958 nuair a rinne stáisiún raidió i gCorcaigh coimisiúnú ar shaothar gairid dá chuid. Bhain sé cáil náisiúnta amach le “Mise Éire” agus thug sin an deis dó tús a chur le sraith chlár raidió faoin teideal “Our Musical Heritage”. Mhol sé do dhaoine éisteacht le hamhrán sean-nóis faoi mar a d’éistfeadh páiste leis. .
Ceoltóirí Chualann
Sa bhliain 1961 bhunaigh Ó Riada Ceoltóirí Chualann, buíon de cheoltóirí traidisiúnta ar mhó a cosúlacht le ceolfhoireann bheag ná le banna céilí.[6] Cé go mbídís ag seinm i hallaí coirme agus iad feistithe i gcultacha dubha, léinte bána agus carbhait dhubha, is foinn agus amhráin thraidisiúnta, Gaelacha a bhíodh á seinm acu. Sheinneadh Ceoltóirí Chualann cóirithe geala, scáineacha. Shuíodh an Riadach sa tulra láir ag casadh an bhodhráin, druma fráma láimhe agus gléas ceoil a bhí beagnach tréigthe ag lucht an cheoil thraidisiúnta. D’úsáideadh bannaí céilí drumaí bhanna snagcheoil. Theastaigh ón Riadach go mbeadh cláirseach sa ghrúpa, ach toisc nach raibh teacht ar a leithéid, sheinneadh sé féin an cruitchorda ina háit – an fhuaim ba ghaire d’fhuaim na cláirsí. Ba é Cathal Gannon a rinne an cruitchorda a sheinneadh Ó Riada ar bhonn rialta.
Bhíodh ceol tíre na hÉireann á sheinm ag grúpaí i dtábhairní thar lear ag an am sin.. Ach níor chuala muintir na hÉireann ceol traidisiúnta á sheinm ag grúpa ar an nós ‘ensemble’. Bhí cuid de bhaill Cheoltóirí Chualann ina mbaill de ghrúpa nua eile darb ainm ‘Na Chieftains’, grúpa a bhain cáil idirnáisiúnta amach ina dhiaidh sin.
Rinne Ceoltóirí Chualann taifeadadh ar fhuaimrian an scannáin “Playboy of the Western World” (dráma bunaidh de chuid John Millington Synge) i 1963. Sheinn siad é den uair dheireanach i 1969 agus eisíodh taifeadadh den cheolchoirm sin faoin ainm “Ó Riada sa Gaiety”.
Thosaigh sé ag cur suime i gceol córach eaglasta agus chum sé ceol don Aifreann, ar a dtugtar “Aifreann Uí Riada”. Chuaigh sé go mór i gcion ar phobal na hÉireann agus go háirithe ar lucht labhartha na Gaeilge. Saothar eile dá chuid ab ea “Five Greek Epigrams” agus Holdlerin Songs”.
Chóirigh Ó Riada leagan ceoil le haghaidh fhilíocht Thomas Kinsella agus mar chúiteamh air sin mhol an file an Riadach trí véarsaíocht.
Bás
Bhí laige ae géiniteach ag Ó Riada agus bhí sé tugtha don ól.[7] Bhuail cioróis an ae é.[8] Cailleadh é in Ospidéal an Rí i Londain, áit ar cuireadh é ag súil lena leigheas. Cuireadh é i reilig Naomh Gobnatan, Baile Mhúirne, Contae Chorcaí. Sheinn an píobaire cáiliúil Willie Clancy ag a shochraid.
Seoda an Riadaigh / The Essential Collection (CD1 - Mise Éire, Saoirse & an Tine Bheo; CD2 – Ceoltóirí Chualann, CD3 - The Playboy of the Western World).
Kinsella, Thomas & Ó Cannain, Tomas. Our Musical Heritage, Dolmen Press, 1982 ISBN 0-85105-389-0
Tomás Ó Canainn agus Gearóid Mac an Bhua, Seán Ó Riada, a shaol agus a shaothar, 1993 agus i mBéarla, Seán Ó Riada: His Life and Work, Collins Press, 2003.