Siúinéireacht an cheird a bhí ag Willie Clancy (24 Nollaig1918 - 24 Eanáir1973) as Contae an Chláir. Máistir ar an bpíb uilleann a bhí ann agus is mór an tionchar a bhí ag Willie Clancy ar an bpíobaireacht. Sheinn sé an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin freisin. Chasadh sé corramhrán agus ba chomhluadar maith i seisiún é lena chuid scéalta agus lena ghreann.[1]
Saol
Bhí tionchar mór ag a athair Gilbert ar Willie, le ceol a tháinig anuas ón bpíobaire dall as Eidhneach, Garret Barry. Ach ba é Johnnie Doran, píobaire den lucht siúil, an tionchar ba mhó a bhí ar a chuid ceoil. Nuair a chuala sé Doran den chéad uair, thit sé go hiomlán faoi dhraíocht na píbe. D’fhás cairdeas idir Doran agus an fear óg go luath ina dhiaidh sin agus níorbh fhada go raibh Willie ag fáil ceachtanna píobaireachta óna laoch.
De réir na dtuairisicí ar fad faoi Willie Clancy, ba dhuine cúthail, séimh, umhal é. Níor dhuine é a bheadh ag tarraingt airde air féin.[1]
Bás agus oidhreacht
Bhí Clancyag éileamh lena chroí agus fuair sé anbhás (in aois 54 dó) ar 24 Eanáir 1973.
Gaeilge
Níor labhair Clancy an Ghaeilge, ach bhí ardmheas aige ar an teanga. Dúirt sé "The Irish language is the greatest music of all" nó "Is í an Ghaeilge an ceol is ansa liom" .[2]
Bhí an-dúil ar fad aige sna hamhráin i nGaeilge. Ar 16 Feabhra 1973, ag an gcéad chruinniú a bhí ann chun tionscadal éigin a bhunú a dhéanfadh comóradh ar shaol Willie Clancy dúradh: “Pé rud a déanfar beidh sé bunaithe ar an traidisiún Gaelach go raibh grá chomh mór sin ag Willie dó. Leanfar ar aghaidh le meon Willie an teanga agus an ceol Gaelach a leathnú agus a fhorbairt.”[1]