Oileánrach beag de chuid na Fraince san Atlantach Thuaidh is ea Comhroinn Chríochach Saint-Pierre-et-Miquelon (Fraincis: Collectivité territoriale de Saint-Pierre-et-Miquelon). Is iad Saint-Pierre agus Miquelon an dá oileán is tábhachtaí den naoi n-oileán sa ghrúpa. Bhíodh an tOileán Langlade inchurtha le Miquelon ó thaobh achar de, ach tá an dá oileán ceangailte anois trí mheán caol talún. (Miquelon-Langlade a thugtar orthu uaireanta.) Tá Saint-Pierre-et-Miquelon suite taobh ó dheas ón gcúige Ceanadach Talamh an Éisc agus Labradar. Tá timpeall is 10 gciliméadar eatarthu ag an bpointe is caoile. Tá 6,125 duine ina gcónaí ann. Is é baile beag Saint-Pierre, ar Oileán Saint-Pierre, an príomhbhaile.
Is é Saint-Pierre-et-Miquelon an t-aon iarsma de shean-impireacht na Fraince i Meiriceá Thuaidh le fada an lá. Bhíodh sé mar nós ag iascairí Bascacha fanacht ar an oileán san 16ú haois agus d’fhás pobal Francach ann san 17ú haois. Tugtar stádas sa Fhrainc ar Saint-Pierre-et-Miquelon mar chomhroinn thar lear inniu.
Tá vóta ag muintir Saint-Pierre-et-Miquelon i dtoghcháin uachtaránachta na Fraince. I dtoghcháin na bliana 2017, ar an 8ú Bealtaine, vótáil 63.3% ar son Emmanuel Macron agus vótáil 36.7% ar son Marine Le Pen. Vótáil 56% de mhuintir na hoileáin sa toghchán is déanaí ach bhí 5.6% do na vótaí millte agus bhí 11% eile bán.
http://graphics.france24.com/results-second-round-french-presidential-election-2017/