Ailtire a rugadh i Londain ab ea Richard Boyle, 3ú hIarla Burlington agus 4ú hIarla Chorcaí (25 Aibreán 1694 – 15 Nollaig 1753). Ba bhreá leis obair Andrea Palladio, agus d'athmhúnlaigh sé Teach Burlington i Londain ar a stíl seisean. Lean an stíl seo an-choitianta sa Bhreatain go deireadh an 18ú céad.[1]