Réadlann a bhunaigh Rí Séarlás II Shasana, a thóg an t-ailtire Christopher Wren i 1675 chun feabhas a chur ar loingseoireacht is coimeád ama. Lárnach in ullmhú féilirí is an Nautical Almanac (Almanag Mara), agus an-tábhachtach i gcoimeád an ama go dtí lár an 20ú céad. Freagrach as tástáil chronaiméadar mara John Harrison i 1736, 1749 is 1763, a réitigh fadhb thomhas an domhanleithid ar muir faoi dheireadh. Ag comhdháil in Washington i 1884 glacadh leis an ais tríd an teileascóp inti mar phríomhfhadlíne. Ba é seo an socrú a roinn an Domhan ina leathsféir thiar is thoir agus a chuir tús le leagan amach na n-amchriosanna idirnáisiúnta. Bogadh na gníomhaíochtaí eolaíocha go Herstmonceaux i 1948, agus rinneadh músaem is pláinéadlann as an tseanréadlann. Bogadh an phríomhoifig go Cambridge i 1990. Dúnadh í faoi dheireadh i 1998, agus bogadh oifig an Nautical Almanac chuig Saotharlann Rutherford Appleton in Oxfordshire.[1]