Polaiteoir Éireannach ab ea Pádraic Ó Máille[1] (nó Pádraig Ó Máille[2]; 23 Feabhra 1878 - 19 Eanáir 1946). Bhí sé ina bhall de Shinn Féin ar dtús agus i bhfabhar an Chonartha. D'éirigh sé ina bhall de Fhianna Fáil níos déanaí.
Deartháir ba ea é le Micheál agus Tomás Ó Máille, TD srl,.
Mharaigh Óglaigh frith-Chonartha Seán Hales, TD, de thaisme, ar Ché Urumhan i mBaile Átha Cliath.[3] Bhí siad ag iarraidh Ó Máille a mharú.
Bhain an rialtas díoltas amach go dírech. Ar 8 Nollaig 1922, cuireadh ceathrar Poblachtánach, duine ó gach cúige, chun báis. Lámhachadh Liam Ó Maoilíosa, Ruairí Ó Conchúir, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid, mar bheart díoltais. Básuithe neamhdhlíthiúla amach is amach a bhí ann. Bhain na heachtraí seo an anáil de mhuintir na hÉireann.
Bhunaigh Ó Máille páirtí nua, Clann Éireann, sa bhliain 1926. Bhí sé ina bhall de Fhianna Fáil agus seanadóir idir 1934-1936 agus 1938-1946