Ollscoil na hÉireann. Ollscoil a cuireadh ar bun mar oidhre ar ollscoileanna na banríona in Éirinn. Tugtar National University of Ireland uirthi i mBéarla.
Bhí an Coláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath bunaithe mar ollscoil Chaitliceach, agus na cinn i nGaillimh agus i gCorcaigh ina ollscoileanna banríona. Tugadh aitheantas don choláiste cliarlathais i Maigh Nuad níos déanaí mar choláiste ollscoile.
Tá iarmhic léinn na gcoláistí thuas ceadaithe vótáil i dtoghchán do sheanadóirí i Seanad Éireann.