Iníon le Cináed mac Ailpin, Rí Dhál Riada, ba ea Máel Muire ingen Cináeda. Phós sí dhá rí tábhachtach Éireannacha de chuid Uí Néill. Ba é Aed Finliath den Chenél nEógain, Rí Ailigh agus Ard-Rí na hÉireann a chéad fhear céile. Glúndub|Ba é Niall Glúndub]], sinsear na hUí Neill, mac an phósta seo.
Bhí a dara fear céile Flann Sinna bainteach le 'Clann Cholmáin, an ríshliocht síolraithe ó Cholmán Mór mac Diarmata. Mar iníon, bean chéile agus máthair ríthe, nuair a d’éag Mael Muire sa bhliain 913, thuairiscigh Annála Uladh a bás, rud neamhghnách do chroinicí fireann-lárnach an ama sin.