Rugadh Lawlor sa bhliain 1945, tógadh i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina mhac léinn ag Synge Street CBS agus ansin DIT (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath).
Nuair a bhí Lawlor níos óige, ba é iománaíocht an spórt is fearr leis. Bhí sé ar an foirne mionúr Bhaile Átha Cliath agus foireann Laighean. I ndiaidh na céime chuaigh sé leis an gcuisniú gnó, bhí sé ina bhainisteoir ann níos déanaí.
Bhí Lawlor an-mhór leis na forbróirí réadmhaoine i mBailte Átha Cliath idir na 1970idí-1990idí Tharraing an caidreamh sin conspóid ar an TD níos déanaí nuair a ghlac Liam Lawlor le breabanna.. Ba mhór an éadáil é do na forbróirí réadmhaoine nuair a bhí talamh zónáilte faoi choinne forbraíochta i gContae Bhaile Átha Cliath.
"Ar bhonn áitiúil, thug comhairleoirí áirithe droim láimhe do mhianta na ndaoine a thogh iad nuair a rinne siad athchriosú ar thalamh ghlas ar mhaithe le tríocha bonn airgid. Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh."[4][5]
I measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn in 2002, bhí tuarascáil eatramhach an Bhreithimh Flood (agus Mahon), ar díoladh breis agus 25,000 cóip di. Dhamnaigh an tuarascáil Lawlor. De réir na tuarascála seo, ghlacadh na mílte punt ó thógálaithe ar nós Mr Bailey, Mr Brennan agus Mr McGowan.[6]
Cuireadh Lawlor i bpríosún trí huaire (Eanáir 2001, Eanáir 2002 agus Feabhra 2002) de bharr díspeagadh cúirte agus comhcheilg leis an dlí a chur as a riocht.
Níor sheas Lawlor san olltoghchán i 2002 mar gheall ar a chuid fadhbanna leis an mbinse fiosrúcháin Flood (Mahon níos déanaí) agus na tréimhsí a chaith sé i bpríosún.
Bhí 'rath fáistine'[7] ag Bertie Ahern leis na caiple [d'éirigh Ahern as mar Thaoiseach sa bhliain 2008].[4]
Bás
Bhí Lawlor ar thuras gnó sa Rúis. Bhí sé ann chun beart réadmhaoine, de shaghas éigin, a dhéanamh le forbróir réadmhaoine Rúiseach. Thug an forbróir carr agus chauffeur do Lalor, a chur roimhe ag aerfort Moscó.
Maraíodh Lawlor i dtimpiste bóthair ar an M10, idir an t-aerfort agus an t-ostán Marriott i Moscó ar 20 Deireadh Fómhair 2005.[8][9] Bhí sé in éineacht lena aistritheoir, bean 29 bliain d'aois, a tháinig slán as an timpiste.[10][11] Maraíodh an chauffeur ag an am céanna.
Fuair Lawlor bás agus gan pingin ina phóca.[12][1]