Sa bhliain 1649, le linn choncas Chromail na hÉireann, d’éignigh an Modh-Arm Nua, faoi stiúir Oilibhéar Cromail, Droichead Átha agus rinne ár ar an ngarastún agus ar a lán sibhialtach, is cosúil.[1]
Cogadh cathartha idir Cromail agus an Rí. idir lucht labhartha an Bhéarla i Sasana agus in Éirinn, idir na Maolchinn agus na Ríogaithe. Bhí an slad i nDroichead Átha dírithe níos mó ar an gcóilineacht Shasanach in Éirinn, na Ríogaithe.[2]
I ndiaidh ocht lá, ar an 11 Meán Fómhair1649, gabhadh an bhaile, tar éis ionsaí fíochmhar le gunnaí móra.
Rinne na parlaiminteoirí sléacht ar na Ríogaithe. Is cosúil go raibh timpeall 2,700 saighdiúir ríogaí ann ar dtús.[4] Mharaigh na parlaiminteoirí cúpla céad duine ar a laghad... ach b'fhéidir i bhfad níos mó, suas le 3,500 duine, níl a fhios againn. Ach dúirt Cromail féin gur tharla sléacht as éadan.[5] Ach bolscaireacht a bhí ann b'fhéidirː bhí Cromail ag iarraidh eagla a chur ar dhaoine ar fud na tíre
Gabhadh 400 saighdiúir, agus cuireadh chuig Barbadós iad. Inniu tá an fíorscéal fite fuaite leis an bhfinscéal is cosúil.[6]
An slad mór a rinne Cromail i nDroichead Átha ba iad lucht labhartha Bhéarla na cathrach sin a d’fhulaing, na Ríogaithe. Fágadh na Gaeil in Irishtown gan ionsaí.[2]
Toradh
Chuir scéal Dhroichead Átha eagla ar dhaoine ar fud na tíre agus ba ghairid gur ghéill siad uilig d’arm Chromail.