Dúnmharaíodh 19 páiste agus beirt mhúinteoirí in ionsaí lámhaigh ar scoil in Uvalde,[1] Texas, an Robb Elementary School ar 24 Bealtaine 2022, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó maraíodh 26 duine i Sandy Hook sa bhliain 2012..[2]
Cúpla lá roimh an uafás, cheannaigh Salvador Rolandos Ramos dhá raidhfil leath-uathoibríoch den chineál AR-15 ar a lá breithe agus in aois 18 bliain dó.[3] As maoil a chonláin féin a chuaigh Salvador Ramos ar mire. Aonarán a bhí ann agus nach raibh mórán cairde aige.[4] Rinneadh maistíneacht air sa scoil agus chaith a mháthair as a teach é.
Thosaigh an ruathar ar 24 Bealtaine, timpeall 11am, nuair a chaith Salvador Rolandos Ramos a sheanmháthair in Uvalde (bhí sé in chónaí léi ag an am agus bhí siad ag síorsháraíocht ar a chéile). Chaith sé a sheanmháthair san aghaidh. Ainneoin na ngortuithe a bhain di, bhí an tseanmháthair in ann fios a chur na póilíní.
Theith Ramos tar éis í a chaitheamh. Ach ar dtús, d'fhógair sé ar Facebook tamall gearr roimh an sléacht go raibh sé ar intinn aige ionsaí a dhéanamh ar scoil, agus dheimhnigh sé gur chaith sé a sheanmháthair.[5] Chuaigh sé ansin chomh fada leis an mbunscoil Robb,[6] Bhí Ramos ina aonar.
Nuair a tháinig an déagóir chomh fada leis an scoil, timpeall 11.30am, d'imigh an gluaisteán a bhí sé a thiomáint den bhóthar taobh amuigh den scoil, De ghnáth bhí póilín[7] ar gharda sa scoil ach ní raibh sé faoi láthair an lá sin.
Bhí Ramos armáilte go dtí na cluasa, é gléasta in éide chosanta.[6] Bhí lón lámhaigh ollmhór ag Ramosː (375 urchar '5.56') ach thit an-chuid de go talamh sa ruaille buaille go léir.[8]
D'éirigh le Ramos ansin aghaidh a thabhairt ar an bhfoirgneamh.[9] Páistí idir 7 agus 10 mbliana (rang a 2 go rang a 4) is mó a bhí ag freastal ar an scoil. Chuaigh Ramos isteach i seomra ranga amháin, agus ansin seomra eile (seomraí 111 agus 112, ceangailte le chéile). Mharaigh sé in iomlán naoi bpáiste dhéag ann, chomh maith le beirt mhúinteoirí. Gortaíodh seacht nduine dhéag eile, roinnt páistí ina measc.[4]
D'fhan Ramos i seomraí 111/112, ag glasáil é féin istigh ann (i gcófra b'fhéidir).
Taobh amuigh, bhailigh tuismitheoirí agus slua feargach timpeall ar na póilíní, míshásta nach raibh na péas dul i ngleic leis an ionsaitheoir.[6] Timpeall 12ː50pm, chaith agus mharaigh na póilíní Ramos faoi dheireadh.
Ag labhairt dhó sa Teach Bán tar éis na heachtra, dúirt an tUachtarán Joe Biden go gcaithfear seasamh suas I gcoinne lucht stocaireachta na ngunnaí.
I ndiaidh na tragóide, rinne an Gobharnóir Greg Abbott 40 moladh a cheap sé a laghdódh an seans ar ollmharuithe i scoileanna an stáit. Níor bhain aon cheann acu lena thuilleadh srianta a chur ar úinéireacht ná ar an bhfáil ar ghunnaí.[10]
Dúirt Abbott, Ted Cruz (Seanadóir as Texas) agus Donald Trump[11] nach raibh aon leigheas ar ionsaithe den chineál seo i Robb Elementary, ach níos mó múinteoirí armtha agus brathadóirí miotail a chur sna scoileanna.[2]
Bíonn dream ann - na Poblachtánaigh sa tSeanad agus mar sin de - ag cur cosc i gcónaí ar reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach agus na dlíthe a bhaineanns le gunnaí a neartú.[2] Mar sin, beidh ceist na ngunnaí agus an fháil éasca atá orthu sna Stáit Aontaithe idir chamáin sa tír go ceann i bhfad agus níl sé soiléir ar bith cén chaoi an dtabharfar aghaidh ar an gceist, má thugtar.[4]
Chuaigh an scéala i bhfeidhm go mór ar an bpobal, agus bhí daoine thar lear agus in Éirinn an-tógtha faoin scéala chomh maith. Bhí bratacha ar leathchrann sna Stáit Aontaithe idir Dé Céadaoin agus Dé Sathairn mar chomhartha ómóis do na mairbh.[2]