Ceiliúrtar Lá Idirnáisiúnta na nImirceach ar an 18 Nollaig gach bliain. Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 'Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Imircigh'[1] ar an lá seo, 18 Nollaig sa bhliain 1990.[2]
Tá sé mar aidhm ag an Lá aitheantas a thabhairt don mhéid a dhéanann na himircigh ó thaobh an gheilleagair de agus aird ar a gcuid cearta daonna a chur chun cinn. Cuireann na Lá na dídeanaithe agus na hinimircigh a fuair bás leis na blianta i gcuimhne dúinn chomh maith.