Ba nádúraí, foraoiseoir, éaneolaí, eantamaiteolaí agus heirpiteolaí é Johann Matthäus Bechstein (11 Iúil 1757 - 23 Feabhra 1822). Bhain sé cáil amach as a chuid tráchtais ar cheol na n-éan (Naturgeschichte der Stubenvögel, 1795 (Stair nádúrtha na n-Éan Cáis 1795).
Rugadh Bechstein i Waltershausen i gceantar Gotha i Thuringia. Rinne sé staidéar ar an diagacht ar feadh ceithre bliana in Ollscoil Jena, agus chaith sé am ag fiach agus ag fánaíocht sna foraoisí de réir mar a cheadaíodh deiseanna. Tar éis dó an scoil a fhágáil, mhúin sé ar feadh roinnt blianta, ach d'éirigh sé as an teagasc chun a dhúthracht a chaitheamh ar chaitheamh aimsire lasmuigh. Sa bhliain 1795, bhunaigh sé scoil na foraoiseachta ag Waltershausen, agus sa bhliain 1800, cheap Diúc Saxe-Meiningen é ina stiúrthóir na scoile foraoiseachta ag Dreissigacker in aice le Meiningen i gceantar comharsanachta Schmalkalden-Meiningen. Tar éis bhás a mhic féin, d'uchtaigh Bechstein a nia Ludwig Bechstein.
Zó-eolaí bisiúil ab ea Bechstein agus bhí sé ar thús an tslua maidir le caomhnú fiadhúlra de: seachas a chuid oibre éaneolaíoch, d’fhoilsigh sé saothair freisin ag éileamh go gcosnófaí ainmhithe a measadh a bheith díobhálach nó ina lotnaidí ag an am, mar ialtóga. Ainmníodh Ialtóg Bechstein ina onóir.