Bhí "Ionsaí an Earraigh" (Ludendorff Spring Offensive nó Kaiserschlacht), 21 Márta 1918 - go dtí 18 Iúil 1918, ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Ba é seo an seans deireanach ag ceannairí Arm na Gearmáine an Cogadh a bhuachan sula n-éiríodh na Comhghuaillithe róláidir.[1] Bhí na saighdiúirí Meiriceánacha ag teacht isteach sa troid.
Rinne na Gearmánaigh, faoi cheannas Erich Ludendorff,[2] dul chun cinn suntasach ar dtús, ach i ndeireadh an lae, theip orthu polladh trí línte na gComhghuaillithe.
Agus é lagaithe mar gheall ar chailleadh a chuid saighdiúirí is fearr agus bacaithe mar gheall ar róshíneadh na línte soláthair, bhí Arm na Gearmáine leochaileach agus i mbaol frith-ionsaithe ó na Comhghuaillithe.
I lár mhí Iúil 1918 chuir fórsaí de chuid na Fraince agus Mheiriceá tús le hionsaí.
Lean Arm na Breataine le hionsaí dá chuid féin i Lúnasa 1918. Géilleadh na Gearmánaigh i mí na Samhna 1918.
Cor i gciniúint an Chogaidh ba ea é.