Is eagraíocht í Institiúid na gCaighdeán Briotanach, an ICB (British Standards Institution nó BSI) a dhéanann dearbhú cáilíochta ar chuid mhór earraí, ó leapacha go tairní. Is é an marc eitleoige ar tháirge an comhartha gur bhain an táirge an caighdeán ICB amach.[1]
Bíonn an marc ICB iontach úsáideach a bheith ar earraí mar aithníonn daoine iad agus, de ghnáth, bíonn muinín ag daoine as na hearraí mar gheall orthu.[1]