Ionad taighde ar chúrsaí teangeolaíochta in Éirinn ab ea Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Bunaíodh in 1972 é, agus chuireadh sé seirbhísí taighde agus comhairleoireachta ar fáil d'eagraíochtaí a bhí ag dul i ngleic le ceisteanna teanga. Phléadh an Institiúid go háirithe leis na teangacha a bhí á múineadh sna scoileanna: an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, agus an Spáinnis, agus bhí freagracht speisialta uirthi i leith na Gaeilge.[1]
Bhí an Institiúid lonnaithe ag 31 Plás Mhic Liam i mBaile Átha Cliath, agus bhí thart ar 30 duine ar an bhfoireann sna 1990idí. Tháinig maoiniú na hInstitiúide ón gCrannchur Náisiúnta.[1]
D'fhoilsítí dhá iris acadúil faoi scáth na hInstitiúide, An Múinteoir Teanga agus Language, Culture agus Curriculum.[1]
Dúnadh in 2004 í.[2]