Is imreoir sacair Catalónach é Gabriel Garcia De La Torre nó Gabri (rugadh Sallent (Barcelona) 10 Feabhra 1979) a imríonn le Umm-Salal Sports Club in Qatar. Thosaigh sé ag imirt le Barcelona B sa bhliain 1997 agus bhain sé an chéad fhoireann amach sa bhliain 1999. Gortaíodh go dona é sa cheathrú cluiche den tsraith 2005-06 is ní raibh sé in ann a bheith páirteach ann a thuilleadh. D'imir sé le AFC Ajax agus ansin bhog se go Qatar.