Ba réabhlóidí Éireannach as Iarthar Chorcaí é Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (10 Meán Fómhair,[fíoras?] 1831 - 29 Meitheamh, 1915), nó Jeremiah O’Donovan Rossa as Béarla.
Ba é a bhunaigh Cumann an Fhéinics, gluaiseacht cheannairceach Éireannach (1858) as ar fhás Bráithreachas na Poblachta níos déanaí. Phós sé Mary Jane Irwin ar an 22 Lúnasa 1864 (19 bliain d'aois ag an am) agus bhí 13 clainne orthu.
Cuireadh i bpríosún é go minic mar gheall ar an mbaint a bhí aige le gluaiseacht na bhFiníní, agus díbríodh as Éirinn é faoi dheireadh in 1871.
Chuir sé faoi i Nua-Eabhrac agus ba é a d’eagraigh na feachtais bhuamála i gcoinne chathracha Shasana a mhair ar feadh roinnt blianta. Rinne rialtas na Breataine iarracht é a eiseachadadh ach níor éirigh leo. Lámhach bean Shasanach, Yseult Dudley, é in 1885 lasmuigh dá oifig in aice le Broadway, ach tháinig sé slán. Chreid a lucht leanúna gur ar ordú ó Rialtas na Breataine a rinne sí an t-ionsaí seo.
Tugadh cead do Ó Donnabháin filleadh ar Éirinn i 1894, agus arís i 1904. Rinne "Saoránach" de chathair Chorcaí de i 1904, rud a léirigh go raibh tacaíocht mhór aice ina cheantar dúchais. D’fhill sé ar Mheiriceá agus bhí sé an-tinn sna blianta deireanacha dá shaol. D’éag sé in ospidéal in Oileán Staten ar an 29 Meitheamh 1915.
Ba mhór an tábhacht shiombalach a bhain lena thórramh. Tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon.
Ba é Pádraig Mac Piarais a thug an óráid os cionn uaighe, ceann de na hóráidí ba cháiliúla i stair na hÉireann.
Bhí Éirí Amach na Cásca á bheartú ag an am agus d’úsáid Bráithreachas na Poblachta an ócáid chun an náisiúnachas a ghríosadh sa phobal.[1]