Sular tugadh isteach an euro, bhí roinnt d’airgeadraí Bhallstát an Aontais Eorpaigh (nó an CEE ag an am) nasctha le chéile sa Córas Airgeadaíochta Eorpach (CAE nó EMS, an European Monetary System). Bhí an CAE ann idir 1979 agus 1999. Is í an phríomhthréith a bhain leis ná meicníocht an ráta malairte.[1]
Thit an córas Bretton Woods[2] as a chéile i dtús na seachtóidí. Bhí cúrsaí airgeadais thar a bheith neamhchobhsaí dábharr.
Chun an éagobhsaíocht seo a chomhrac, chruthaigh na naoi mBallstát den CEE (a bhí ann ag an am) an Córas Airgeadaíochta Eorpach, a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1979. Tháinig an Córas Airgeadaíochta Eorpach ar an bhfód ar 4 Nollaig 1978 ag Comhairle Eorpach sa Bhruiséil.
Bhí an CAE bunaithe ar aonad airgeadra Eorpach nua agus tugadh an “tECU” air ag an am.
Bhí trí phríomh-chomhpháirt ag an CAE:
Ar 1 Eanáir 1999 tháinig an Mheicníocht Rátaí Malairte II in áit an CAE. D'éirigh an "ecu" an euro níos déanaí sna blianta 1999/2002, bíodh is go raibh an modus operandi den "ecu" an-difriúil ar fad.