Is sliabh in Albain í Càrn nan Gobhar, atá suite i gComhairle na Gàidhealtachd.[1] Tá sé 992 m ar airde agus is Binn Rothaich é . Tá sé suite in aice le Canaich idir Loch Mhonair agus Loch Maol Àrdaich. Caithfimid a bheith cúramach, mar tá sliabh eile ar a bhfuil an t-ainm Càrn nan Gobhar aige agus an airde chéanna sa chéad ghleann eile, Srath Farair.
Ní siúlóid an-fhada é an sliabh seo a dhreapadh ó cheann an bhóthair ag damba Mullardoch. Ach ceanglaíonn formhór na ndaoine é leis An Riabhachan, Sgùrr na Lapaich agus An Socach, agus ansin is siúlóid fhada iargúlta é.
Ón mbarr tá radharcanna ar Loch Mhonair, Loch Maol Àrdaich, Oighreachd Atadail, Beanntan Ghleann Afraig, Achadh na Seileach, Srath Farair agus Toirbheartan.