Comhghuaillíocht toghcháin Éireannach atá comhdhéanta de pháirtithe polaitíochta agus de pholaiteoirí neamhspleácha den eite chlé is ea Comhghuaillíocht na hEite Clé Aontaithe (Béarla: The United Left Alliance), a bunaíodh chun dul san iomaíocht in olltoghchán 2011. Tá an grúpa comhdhéanta de 3 pháirtí pholaitíochta atá ann cheana féin: an Páirtí Sóisialach, Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús agus Grúpa Gníomhaíochta na nOibrithe agus na nDaoine Dífhostaithe, chomh maith le hiar-chomhaltaí Pháirtí an Lucht Oibre.
Fógraíodh bunú an pháirtí ag tús Mhí na Samhna 2010 agus seoladh an páirtí go foirmiúil an 29 Mí na Samhna 2010 ag Óstán Gresham i mBaile Átha Cliath.