Ceoltóir Éireannach as Baile Átha Cliath é Colm Ó Cíosóig (rugadh é ar an 31 Deireadh Fómhair 1964). Is drumadóir é Ó Cíosóig, a bhí ina bhunaitheoir ar an bhanna mór le rá Éireannach/Sasanach My Bloody Valentine, in éineacht leis a chara Kevin Shields. Chaith sé na blianta idir 1984 agus 1995 sa bhanna, agus b'eisean a chum an rian "Touched" ar a n-albam cáiliúil Loveless sa bhliain 1991. Nuair a cuireadh deireadh leis an mbanna, thosaigh sé scéim eile darbh ainm Hope Sandoval & the Warm Inventions, le Hope Sandoval ón ngrúpa Meiriceánach Mazzy Star.
I mí na Samhna 2007, tháinig My Bloody Valentine ar ais le chéile, agus tá Ó Cíosóig ag seinm leo fós.