Is é an Coimisiún Toghcháin in Éirinn an comhlacht reachtúil neamhspleách a dhéanann maoirseacht ar thoghcháin. Bainistíonn an Coimisiún Clár na bPáirtithe Polaitíochta agus tó feidhmeanna aige freisin maidir le fógraíocht pholaitiúil.[1]
Rialaíonn an tAcht Athchóiriú Toghcháin 2022 comhdhéanamh agus feidhmeanna an Choimisiúin. Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin an 9 Feabhra 2023. Tháinig sé in ionad an Choimisiúin Reifrinn.
An 30 Lúnasa 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a athbhreithniú ar thoghcheantair na hÉireann. Bhí na moltaí ag teacht leis na riachtanais reachtúla a leagadh síos don athbhreithniú, sin a rá comhionannas “réasúnta” idir na toghlaigh éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de.[2] Mhol an Coimisiún : méadaítear líon na dTeachtaí Dála i nDáil Éireann go 174 (ó 160) agus líon na dtoghcheantar Dála go 43 (ó 39).[3]
Rinne An Coimisiún Toghcháin praiseach cheart den bhileog as Gaeilge faoi na reifrinn a reáchtáladh ar an 8 Márta 2024.[4] D’fhoilsigh an Coimisiún "leabhráin eolais" 12-leathanach. Ach bhí botúin sa leagan Gaeilge a d’fhág nach raibh cuid den fhoclaíocht sa leabhrán ag teacht leis an reachtaíocht a cuireadh trí Thithe an Oireachtais agus ní raibh aon chiall leis an leagan Gaeilge.[5] Ceartaíodh an bhileog ach tháinig an leagan as Gaeilge amach i bhfad níos déanaí ná an bhileog i mBéarla. Ina theannta sin, bhí an bhileog scríofa i stíl thar a bheith foclach, 12 leathanach in iomlán.
In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin, nach raibh aon fheidhm reachtúil nó rialála ag an gCoimisiún Toghcháin i leith an bhréageolais agus na mífhaisnéise. Mar sin dúirt sé gur chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin: Cé atá á insint seo dom? Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor?, agus An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?[6]