Baile i gContae Thiobraid Árann é Caiseal[1] (nó Caiseal Mumhan). Tá séadchomhartha náisiúnta cáiliúil, Carraig Phádraig, suite in aice leis. Suite in aice leis an mbóthar náisiúnta ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh, an N8, atá an baile.
Tharla Sléácht Chaisil ar 15 Meán Fómhair 1647, le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag, nuair a rinne Murchadh Ó Briain (nó an Iarla Inse Chuinn) scrios iomlán ar gharastún na Comhdhála, a bhí lonnaithe ar Charraig Phádraig.[2]