Is é an Cumann Lúthchleas Gael Chontae Thiobraid Árann atá freagrach as na cluichí Gaelacha a imrítear i gContae Thiobraid Árann, faoi cheannas an gCumann Lúthchleas Gael. Imrítear peil Ghaelach, Peil Ghaelach na mBan agus camógaíocht sa chontae, ach is é an iománaíocht an spórt atá i bhfad níos coitianta.
In éineacht le Corcaigh agus Cill Chainnigh, deirtear go bhfuil Tiobraid Árann ceann de na sárchumhachtaí sa spórt. Is iad an tríú fhoireann is rathúla sa tír, agus tá an Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann buaite acu 25 uair. Chomh maith le sin, is iad an t-aon fhoireann amháin a bhuaigh an Corn Liam Mac Carthaigh trí bliana ina dhiaidh a chéile faoi dhó (1898-1900, agus 1949-1951). Cuimhnítear an fhoireann ó na 1960í mar a bheith i measc na ceann is fearr riamh. Níl an rath céanna acu sa lá atá inniu ann, ámh, agus níl ach trí bua acu i 35 bliain anois.
Ag teacht.