Baile in Éirinn is ea Baile na Coille[1] i gContae Laoise ar an mBóthar Réigiúnach 432 idir Mainistir Laoise, Béal Átha Ragad agus Caisleán an Chomair, Contae Chill Chainnigh.
Is iad CLG Baile na Coille agus CLG Na Spince na foirne Cumann Lúthchleas Gael áitiúla.
Tá leacht croise an-fheiceálach tógtha i bpríomhchearnóg an bhaile. Is leacht cuimhneacháin don Éirí Amach i 1798 é. Tógadh sa mbliain 1898 é. Tá sé inscríofa leis na hainmneacha Mac Cumascaigh, Mac Eochagáin, Mac Fhíobhuí, Ó Crionáin, Ó Faogáin agus Ó Sionnaigh.