In Éireann, déileálann an Ard-Chúirt (Béarla: The High Court) leis na cásanna sibhialta agus coiriúla is tromchúisí agus is tábhachtaí ag an gcéad chéim, agus gníomhaíonn sí freisin mar chúirt achomhairc i gcásanna sibhialta as an gCúirt Chuarda. Tá an chumhacht aici cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dlí bunreachtúil freisin, agus athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh ar gníomhartha an rialtais agus comhlachtaí poiblí eile.
Bunaíodh an Ard-Chúirt faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, agus deonaíonn an Bunreacht "lándlínse bhunaidh, agus cumhacht chun breith a thabhairt, i ngach ní agus ceist dlí nó fíorais cibé sibhialta nó coiriúil iad" chomh maith leis an gcumas chun a chinneadh " bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta" Is é an tUachtarán an duine a cheapann na breithiúna.
Mar sin féin, mar a bhíonn ag beagnach gach cumhacht bhunreachtúil a bhíonn ag an Uachtarán, déantar na ceapacháin faoi réir "chomhairle an Rialtais". Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go n-ainmníonn an rialtas na breithiúna agus ceadaíonn an tUachtarán iad go huathoibríoch.
Tá uasmhéid de 40 gnáthbhreitheamh Ard-Chúirte, cé go mbíonn Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus an Príomh-Bhreitheamh ina gcomhaltaí ex officio den chúirt chomh maith. De ghnáth, éisteann breitheamh amháin cás amháin, ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte a ordú go n-éistfear cásanna áirithe le trí breitheamh ina suí le chéile - tugtar roinnchúirt uirthi mar dhea.
De ghnáth, éistear cásanna sibhialta i bhfoirgneamh na gCeithre Cúirteanna agus cásanna coiriúla sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath, cé go mbíonn an chúirt ag suí go rialta lasmuigh den phríomhchathair.
Tháinig an Breitheamh Richard Johnson i gcomharbacht ar an Breitheamh Onórach, an tUasal Joseph Finnegan mar Uachtarán na hArd-Chúirte i mí na Nollag 2006, agus tháinig an Breitheamh Onórach, an tUasal Nicholas Kearns i gcomharbacht uirthi i mí Dheireadh Fómhair 2009 [1]. Is é an tUasal Peter Kelly an tUachtarán ar an gCúirt faoi láthair. Ba í Mella Carroll an chéad bhean a sheirbheáil ar an gcúirt, sé sin idir 1980 agus 2005.