Scannán beochana Meiriceánach is ea Anastasia ón mbliain 1997. Fox Animation Studios a léirigh an scannán agus 20th Century Fox a dháil é. Tá an scéal bunaithe ar na finscéalta i dtaobh Ard-Bhandiúc Anastasia Nicolaevna na Rúise, iníon an tSár Nicholas II, is é sin na scéalta gur éalaigh a iníon ar bhealach éigin as bású theaghlach an tsáir ag na cumannaigh Rúiseacha. Sa scannán, tá Anya, bean óg 18 mbliana d'aois agus dílleachta, ag iarraidh teacht ar rian dá muintir. Ligeann péire bithiúnach orthu go bhfuil siad ag cuidiú léi sa chuardach sin ach, i ndáiríre, tá siad ag iarraidh cur ina luí uirthise agus ar an saol mór gurb iníon an tsair í ar a leasa féin.