Sráidbhaile i gContae Chill Mhantáin, Éire is ea An Tóchar.[1] Bhí sé liostaithe i ndaonáireamh 2016 go raibh daonra 948 ann.
Tá an Tóchar suite mar a nascann bóthar an R755 leis an R764 agus an R765. Tá an R755 mar chuid den phríomhbhealach ó Bhaile Átha Cliath go Gleann Dá Loch i Sléibhte Chill Mhantáin. Ag 238 méadar os cionn leibhéal na farraige, tá an Tóchar ar cheann de na sráidbhailte is airde in Éirinn.
Tá Lochanna Taiscumar Fheartraí (taiscumar a tógadh sna 1860idí) in aice láimhe.
Tá dlúthbhaint ag an Tóchar le beirt iar-Uachtarán na hÉireann, Seán T. Ó Ceallaigh a raibh cónaí air go háitiúil, agus Erskine Hamilton Childers, atá, in éineacht le baill eile den teaghlach, curtha i reilig Anglacánach Dhoire Lasrach in aice leis an sráidbhaile.
Is é an cumann Peil Ghaelach áitiúil agus Peil Ghaelach na mBan CLG An Tóchar.
Tá an Tóchar nasctha le sráidbhaile Spézet, sa Bhriotáin, iarthuaisceart na Fraince. Déanann na scoileanna sa dá cheantar cumarsáid rialta agus téann siad i dteagmháil lena chéile. Le blianta fada anuas, tá cláir mhalartaithe i bhfeidhm do na scoláirí.