Tá Áras Ceoldrámaíochta Sydney ar cheann de na foirgnimh is cáiliúla ar domhan. Tá príomhionad na hAstráile ina séadfhoirgneamh so-aitheanta ar fud an domhain, suite i gCuan Sydney.[1]
Tógadh an foirgneamh sna blianta 1959-1973. Nuair a dhear an t-ailtire ar dtús é, cheap daoine go mbeadh sé ródheacair an foirgneamh a thógáil. Innealtóir as Éirinn, darb ainm Peter Rice, a d’oibrigh amach conas Áras Ceoldrámaíochta Sydney a thógáil.[2] Ba í Banríon na Breataine a d’oscail é sa bhliain 1973.
Sa bhliain 2009, mar chuid d’fhéile bhliantúil na soilse, Luminous, bhí Áras Ceoldrámaíochta Sydney mar chanbhás ollmhór ag líníochtaí dathannacha de chuid an cheoltóra Brian Eno.[3]
Bhí dathanna na Fraince ar an Áras i mí na Samhna 2015 chun tacaíocht a léiriú do mhuintir na Fraince i ndiaidh na hionsaithe ar 13 Samhain 2015 i bPáras.[4]