Ar an 8 Samhain1987, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuamaInis Ceithleann (Contae Fhear Manach), nó Ár Lá Cuimhneacháin, 1987.[1][2] Bhásaigh duine eile a gortaíodh san ionsaí buamála sa bhliain 2000 tar éis dó trí bliana déag a chaitheamh i gcóma.
Ar an gcéad Domhnach i mí na Samhna 1987, bhailigh daoine le chéile in Inis Ceithleann chun cuimhneamh orthu siúd a maraíodh i gcogaí san am a chuaigh thart.[3][4]
Agus daoine ag bailiú le chéile ag leacht cuimhneacháin na gcogaí, phléasc buama agus caitheadh bruscarnach ar fud na háite.
Bhí Gordon Wilson agus a iníon, Marie, ábhar altra a bhí 20 bliana d’aois, clúdaithe cúpla troigh thíos faoin mbrablach. Feachtasóir ar son na síochána a bhí in Gordon Wilson níos déanaí.
Iarmhairtí
Níor cúisíodh ná níor ciontaíodh aon duine riamh faoin ionsaí buamála. “Botún” a bhí i gceist, is cosúil dúirt an IRA gur phléasc an buama roimh am.[6]
Ag an am, mheas Máirtín Ó Muilleoir, Sinn Féin, go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid. Ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh. Dúirt sé níos déanaí, “Inis Ceithleann an chéad cheann de na mór-uafáis a tharla a thug le fios domsa go raibh an streachailt armtha mícheart agus nach raibh sé ag dul a oibriú. Bhí ceist mhór mhorálta ann fosta mar go raibh daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis.”[7]
Nochtadh leacht in Inis Ceithleann ar an 8 Samhain 2017 i gcuimhne na ndaoine a maraíodh san ionsaí buamála ar an mbaile.[8]