Páirtí réigiúnaíoch in Yorkshire, Sasana, is ea an Yorkshire Party a bhíonn i mbun feachtais ar son tionól réigiúnda do Yorkshire, cosúil leo siúd atá ag Albain agus ag an mBreatain Bheag faoi láthair.[1] Déanann sé cur síos air féin mar "pháirtí den lár pragmatach", agus "dearcthaí forásacha ar cheisteanna eacnamaíochta, sóisialta agus timpeallachta" aige.[2] Diúltaíonn a bhunreacht le córas na fuipe, agus aontaíonn a chuid iarrthóirí cloí le cód iompraíochta Martin Bell i gcomhair polaiteoirí.[3] Tá tríúr comhairleoirí áitiúla ag an bpáirtí faoi láthair a toghadh mar iarrthóirí de chuid an pháirtí. In Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, bhuaigh an páirtí 29,201 vóta, é sin á chur ar an séú páirtí is mó de réir vótaí i Sasana, an ceann is mó i ndiaidh na 'gcúig mór': na Caomhaigh, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Liobrálacha, na Glasaigh, agus Páirtí an Bhreatimeachta.