Thóg sé an teileascóp frithchaiteach ba mhó ag an am, agus d'fhionn an pláinéadÚránas sa bhliain 1781 (cé cé gur cheap sé ar dtús go raibh cóiméad ann), chomh maith le Titania agus Oberon, dhá ghealach de chuid Úránais. Rinne sé breathnaithe ar dhéréaltaí, agus thiomsaigh catalóg cháiliúil réaltaí.[2][3]
Saol
Chuaigh Herschel go Sasana nuair a bhí sé in aois a 19 bliana agus chaith sé an chuid eile dá shaol ansin.
Ar 13 Márta1781, tháinig Herschel ar an phláinéad Úránas”, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug Herschel faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann.
Ach níos moille, agus níos mó staidéir déanta air, tuigeadh gur pláinéad a bhí ann, agus tugadh an t-ainm Úránas air, in ómós do cheann de sheandéithe na Gréige. I miotaseolaíocht na tíre sin, dia na spéire ab ea Úránas, a bhí pósta le Gáia, bandia an talaimh, agus ba iad na Tíotáin an chlann a bhí acu.[4]
Sheinn Herschel roinnt uirlisí ceoil agus cumadóir ceoil a bhí ann freisin. Chum sé 24 shiansa agus roinnt míreanna ceoil eile.
Thug sé saol fada leis, agus an tseanaois a mharaigh é ar an 25 Lúnasa 1822 (in aois 83 dó) i Slough.