Wilhelm Max Wundt
Wilhelm Max Wundt (1902) | Ainm sa teanga dhúchais | (de) Wilhelm Wundt |
---|
|
Breith | (de) Wilhelm Maximilian Wundt 16 Lúnasa 1832 Neckarau |
---|
Bás | 31 Lúnasa 1920 88 bliana d'aois Leipzig |
---|
Áit adhlactha | Südfriedhof Leipzig (en) |
---|
| | |
|
| |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Tübingen Ollscoil Heidelberg Ollscoil Humboldt Bheirlín |
---|
Céim acadúil | dochtúireacht |
---|
Comhairleoir dochtúireachta | Karl Ewald Hasse agus Hermann Ludwig Ferdinand von Helmholtz |
---|
|
Réimse oibre | Fiseolaíocht, volkerpsychologie agus síceolaíocht thurgnamhach |
---|
Gairm | fealsamh, fiseolaí, síceolaí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir |
---|
Fostóir | Ollscoil Heidelberg (1864–) Ollscoil Leipzig (1858–) Ollscoil Zürich (1857–) |
---|
Ball de | |
---|
Mac/iníon léinn de chuid | Johannes Peter Müller agus Karl Ewald Hasse |
---|
Mac/iníon léinn | Vitaly Serebrenikov, Ferdinand Tönnies, Vladimir Bekhterev, Franz Boas, Émile Durkheim, Edmund Husserl, Ludwig Lange, Karl Julius Lohnert, Bronisław Malinowski, George Herbert Mead, Constantin Rădulescu-Motru, Edward Sapir, William Isaac Thomas, Ernst Meumann, Władysław Witwicki agus Richard Arwed Pfeifer |
---|
Faoi thionchar | |
---|
Teangacha | An Ghearmáinis |
---|
|
Mac léinn dochtúireachta | Hugo Münsterberg, Oswald Külpe, Emil Kraepelin, Vladimir Bekhterev, Edward B. Titchener, James McKeen Cattell, Georgi Iwanowitsch Tschelpanow, Siegfried Askinasy, Edward W. Scripture, Ernst Fiedler, Ludwig Lange, Gottlob Friedrich Lipps, Waldemar Olshausen, Johannes Pitschel, Walter Brix, Paul Haller, Wilhelm Paul Schumann, Friedrich Sander, Reinhold Schultz, Albrecht Steglich, Rudolf Schumann, Kuno Mittenzwey, Swetomir Ristic, Woldemar Voigt, Karl Julius Lohnert, Otto Klemm, Fritz Giese, Paul Roth, Karl August Fürchtegott Knabe, Hermann Damm, Joseph Epstein, Hans Keller, Tsvetan Radoslavov, Erich Mosch, Friedrich Bruno Kämpfe, Hermann Richard Zeitschel, Rudolf Franz Pfaff, Gustav Berger, Robert Bergemann, Bernhard Frenzel, Florian Ștefănescu-Goangă, Constantin Dimitrescu-Iași, Dimitrie Gusti, Armand Thiéry, Charles Hubbard Judd, Charles Edward Spearman agus Gustav Kafka |
---|
Suíomh a chartlainne | |
---|
|
Céile | Sophie Wundt |
---|
Páiste | Max Wundt, Eleonore Wundt |
---|
Duine muinteartha | Friedrich Peter Wundt (seanathair) |
---|
Gradam a fuarthas | |
| |
Fiseolaí is síceolaí turgnamhach, a rugadh i Neckarau in aice le Mannheim na Gearmáine, ab ea Wilhelm Maximilian Wundt (1832-1920).
Rinne sé staidéar ar an leigheas ag Ollscoil Tübingen, Ollscoil Heidelberg, agus Ollscoil Bheirlín. Sa bhliain 1857, ceapadh é ina 'dozent' ag Ollscoil Heidelberg, áit ina raibh sé ina léachtóir sa bhfiseolaíocht. Ó 1858-1864 rinne sé staidéar ar spreagadh néareolaíoch agus ceimiceacha na matán. Sa bhliain 1864, ceapadh é ina ollamh cúnta ag Heidelberg. Trí bliana ina dhiaidh sin, thosaigh sé cúrsa ar a bhronn sé an t-ainm 'síceolaíocht fhiseolaíoch'. Foilsíodh a magnum opus "Grundzüge physiologischen der Psychologie" (Prionsabail na Síceolaíochta Fiseolaíche) sa bhliain 1873. Go bunúsach thug a chuid fealsúnachta le fios go bhfuil mhacasamhail meabhrach ag gach ócáid fhisiceach, agus tá chomhpháirtí fisiciúla ag gach ócáid mheabhrach. D'oibrigh Wunt ina shaotharlann cháiliúla in Ollscoil Leipzig ón bhliain 1875, agus bhí sé ag obair ann sna 45 bliana ina dhiaidh sin. Foilsíodh an taighde in "Philosophische Studien" (Staidéar fealsúnachta), tréimhseachán a bhunaigh sé féin sa bhliain 1981. Is iontach an méid a d'fhoilsigh Wunt, idir leabhair, aistí agus eile. Sa bhliain 1883, thosaigh sé ar an chéad chúrsa dar teideal síceolaíocht turgnamhach'. Toghadh Wunt ina reachtaire ar Ollscoil Leipzig sa bhliain 1889. Níos déanaí chuir sé suim sa síceolaíocht shóisialta nó chultúrtha. Scríobh sé "Volkerpsychologie", a foilsíodh idir 1900 agus 1920, lena n-áirítear an smaoineamh go raibh céimeanna forbartha cultúrtha ann. Sa bhliain 1920, scríobh sé "Erlebtes und Erkanntes", a dhírbheathaisnéis. Fuair sé bás sa bhliain 1920.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
|
|