Is aisteoir Sasanach de phór na hÉireann é Tony Slattery a rugadh ar an 9 Samhain 1959. Tháinig sé chun saoil i Stonebridge, ceantar i Londain, an duine is óige den chúigear clainne a rugadh do Michael agus Margaret Slattery, Éireannaigh a chuir fúthu i Sasana. Bíonn sé le feiceáil ar an teilifís sa Ríocht Aontaithe ar bhonn rialta. Bhí sé páirteach i seó cáiliúil de chuid Channel 4, Whose Line Is It Anyway?. Mar aisteoir i scannáin, bhí sé páirteach i The Crying Game, Peter's Friends agusHow to Get Ahead in Advertising.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |